Uaimh scanraitheach agus fir bhréige diamhra ag an bhféile págánach Oíche Shamhna ag Caisleán & Daon

29 Mar 2024
Uaimh scanraitheach agus fir bhréige diamhra ag an bhféile págánach Oíche Shamhna ag Caisleán & Daonpháirc Bhun Raite

Tá babhtaí den amthaisteal agus uaimheanna scanraitheacha a bhfuil fréamhacha Págánacha acu faoi lán seoil i gCaisleán agus Daonpháirc Bhun Raite i mbliana le haghaidh fhéile speisialta Oíche Shamhna chun Samhain thraidisiúnta Éireannach a cheiliúradh.


I mbliana, le linn mheántéarma Oíche Shamhna, táthar chun féile na Samhna a cheiliúradh i gCaisleán & Daonpháirc Bhun Raite ar bhealach uathúil. Tá fáilte roimh dhaoine teacht chuig an gceiliúradh seo a bheidh dírithe ar na sean-thraidisiúin Ghaelacha le cúpla corr nua-aimseartha a bhaineann leis an am seo den bhliain, agus taitneamh a bhaint as féile na Samhna idir an 29 Deireadh Fómhair agus an 2 Samhain. 

Ag míniú di faoi cad a bheidh i gceist sa cheiliúradh, dúirt Bainisteoir Imeachtaí Chaisleán agus Daonpháirc Bhun Raite, Marie Brennan, “Is tráth iontach é Oíche Shamhna dúinn chuile bhliain anseo ag Caisleán agus Daonpháirc Bhun Raite, le go leor gníomhaíochtaí taitneamhach ar siúl don teaghlach ar fad, idir an Uaimh Scanraitheach, an t-óg-dioscó “Head Will Roll and Thriller” agus turas traein taibhsí Oíche Shamhna, chomh maith le Sráidbhaile na Sí Scanrúil, áit a bhfuil neacha gránna ina gcónaí.

“Sna seachtainí beaga díreach roimh Oíche Shamhna, tá na bunscoileanna sa cheantar áitiúil gnóthach ag cruthú fir bhréige diamhra a bheidh ar taispeáint againn ar fud na páirce i rith an lár-téarma don Chomórtas Fear Bréige againne. Beimid ag iarraidh ar chuairteoirí an fear bréige is fearr leo a rátáil bunaithe ar an dearadh, an úrnuacht agus, ar ndóigh, ar cé chomh “scanraitheach” is atá sé. Gheobhaidh an scoil sin ar leosan an fear bréige is fearr duais speisialta.
Táimid ag iarraidh ar chuairteoirí a bheith cruthaitheach agus feisteas a chaitheamh freisin, agus meascadh leis na carachtair sa sráidbhaile a bheidh gléasta i bhfeisteas traidisiúnta Oíche Shamhna.”

Le linn na hócáide ar fad, tugtar rabhadh do na cuairteoirí a bheith ag faire amach do na carachtair diamhra aisteacha a d’fhéadfadh teacht i láthair go tobann, gan choinne, agus Frankenstein, Bas an Bháis agus príosúnach ar a theitheadh ina measc, chomh maith le cailleacha scanrúla ag smúrthacht thart.
Má théann tú go dtí an pháirc, beidh tú ag caint leis na Mná Tí, a mhíneoidh duit na cineálacha bia a mbíodh á ithe ag daoine Oíche Shamhna sa sean-aimsir, agus ina measc pióga úll déanta sa bhaile, bairín breac, nach mór slisín de a fhágáil taobh amuigh sula dtéann tú a luí ionas go mbeidh na Síoga nó Taibhsí a théann thart in ann féasta a bheith acu agus chun an t-ádh a bheannacht ar an teaghlach.

Tá cuid de na sióga i bPáirc Dhaonlathach Bhun Raite tar éis gothaí na Samhna a chur orthu agus a sráidbhaile sióg dhraíochta a iompú acu ina fhoraois scanrúil inar féidir le gach éinne sult a bhaint aisti. Seachain na neacha uaibhreacha atá i bhfolach nó atá á gcrochadh taobh thiar de chrainn, na leaca uaighe déistíneacha agus na neacha uaibhreacha crochta taobh thiar de na crainn, leaca uaighe uafásach agus na puimcíní scéiniúla i dtráth agus in antráth, is cinnte gurb aoibhinn an tsiamsaíocht a bheidh ann do na harrachtaí beaga agaibh ó thús deiridh.

Beidh gníomhaíochtaí na Samhna ag Caisleán agus Daonpháirc Bhun Raite ar siúl ón Satharn 29 Deireadh Fómhair go dtí Dé Céadaoin 2 Samhain.

To view English version please CLICK HERE